Maoin 2 w/ Punnan 2-Pack

MAOIN 2 CÚRSA GAEILGE DON TSRAITH SHÓISEARACH, GNÁTHLEIBHÉAL

  • Tá neart samplaí de thascanna cumarsáideacha sa leabhar chomh maith le blaganna, scéalta, ríomhphoist, litreacha, cártaí poist, cleachtaí léamhthuisceana agus cleachtaí cluastuisceana.
  • Clúdóidh na daltaí samplaí ó Liosta Téacsanna Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí (T2) don dara bliain agus don tríú bliain.
  • Dírítear ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa tríd síos.
  • Tá gníomhaíochtaí punainne i ngach aonad.
  • Cuirtear béim ar leith ar obair ó bhéal agus ar chuir i láthair ó bhéal.
  • Dírítear aird na ndaltaí ar an gcultúr Gaelach i ngach aonad.
  • cluichí, naisc le hamhráin agus le físeáin sna haonaid éagsúla.
  • Scríofa ag múinteoir Gaeilge a bhfuil taithí na mblianta aige ag múineadh.

 

MO PHUNANN

  • Cuimsítear breis is seachtó gníomhaíocht phunann teanga i bhformáidí éagsúla.
  • Cuirtear na daltaí ar an eolas faoi mheasúnuithe rangbhunaithe agus faoi ghnéithe cáilíochta.
  • Tugtar liosta do na daltaí de na critéir ratha a chuideoidh leo barr feabhais a chur ar gach gníomhaíocht.
  • Bíonn na daltaí ag plé lena bhfoghlaim teanga agus ag machnamh uirthi.
  • Léiríonn na daltaí eochairscileanna ar nós féinbhainistíochta, obair foirne agus cruthaitheachta.
  • Cuireann na daltaí bailiúchán saothar i dtoll a chéile a thaispeánann a gcuid éachtaí foghlama teanga, le tacaíocht ó fhianaise shoiléir foghlama.
  • Beidh na daltaí ábalta na dréachtaí deireanacha de na píosaí oibre (MRB 1) agus de na tascanna cumarsáideacha (MRB 2) atá cruthaithe acu sa phunann seo a úsáid agus iad ag ullmhú do na Measúnuithe Rangbhunaithe, don Tasc Measúnaithe (atá bunaithe ar MRB 2) agus don Scrúdú Deiridh.

Additional material

Additional material for students.